Food

You will get a bite to eat or a drink in the following premises in Dún Chaoin:

Tigh Kruger

  • Is mó deoch a óladh agus a ólfar i dTigh Kruger, tábhairne cáiliúil Dhún Chaoin. Tá an tigh seo ainmnithe i ndiaidh Muiris Kruger Ó Caomhánaigh, carachtaer iomráiteach an pharóiste. Tá leabhar breá curtha in eagar ag an nDr. Tadhg Ó Dúshláine mar gheall ar an bhfear seo dar teideal “Is cuimhin linn Kruger: Kruger remembered (1994)”.
Sa phíosa scannaíochta seo tá ceoltóirí áitiúla, Áine, Eibhlín, Feargal agus cairde ag seinnnt do sheit ó Dhún Chaoin. Up Cuas!
Potadóireacht Dhún Chaoin

Gheobhaidh tú béilte agus tae agus caifé ó Mháirín agus Eibhlín i bPotadóireacht Dhún Chaoin. Bíonn an photadóireacht oscailte i rith na bliana.

An tIascaire

Tá Bialann An tIascaire lonnaithe in Ionad an Bhlascaoid.  Cuirfidh Christy Mac Gearailt agus a fhoireann fáilte mhór romhat. Bíonn an bhialann seo oscailte ó mhí Aibreáin go Deireadh Fómhair.

An Portán

Cuireann An Portán cóir bídh ar fáil do chuairteoirí. Déan teagmháil leo chun fiosrú a dhéanamh.