Tá cáil na Gaeilge ar Dhún Chaoin riamh anall agus tá muintir an pharóiste bhig seo ana-bhródúil agus mórtasach as ár dteanga dhúchais. Meallann an dúthaigh seo agus a muintir cairdiúil scríbhneoirí, ceoltóirí agus ealaíontóirí agus tá cuid acu ag cur fúthu go buan sa cheantar agus a thuilleadh a thagann thar n-ais bliain i ndiaidh bliana le hionspioráid nua a fháil . Tá sampla anseo thíos de lucht cruthaíochta agus samhlaíochta an pharóiste.
Scríbhneoirí
Maireann na húdair seo a leanas i nDún Chaoin agus tá saothar dá gcuid ar fáil i siopaí leabhar áitiúla nó tríd www.litriocht.com agus suíomhanna eile idirlín:
Aogán Ó Muircheartaigh
Iarchraoltóir le Raidió na Gaeltachta agus aistritheoir agus eagarthóir leabhar is ea é. Tá trí chnuasach filíochta foilsithe aige ina measc Athbheatha agus Drúcht ar Chneas chomh maith le Cath Fionntrá, insint shimplí Nua-Ghaeilge ar an scéal traidisiúnta Fiannaíochta.
Feargal Mac Amhlaoibh
Tá comhlacht foilseacháin Inné Teo ag Feargal agus mórán foilseachán curtha i gcló aige le blianta anuas. Tá cáil air mar cheoltóir agus mar ghníomhaí pobail ar son na Gaeilge. Chaith sé tamall ina shagart agus tréimshí ag obair i gcomharchumainn phobail i gCléire agus in Inis Oirr é Feargal. Lúb ar lár is teideal den dírbheathaisnéis atá scríte aige.
Diarmuid Ó Donnchadha
Aistritheoir, teagascóir agus stiúrthóir ar Ionad foghlama Gaeilge ba ea Diarmuid. Bhí cáil air mar theagascóir agus mar údar ar leabhair a bhaineann le múineadh na Gaeilge. I measc a chuid foilseacháin tá An Ráleabhar Gaeilge/The Irish Phrasebook, Cúrsa Gaeilge, Irish Course Handbook, The Linguaphone Institute Irish course. Ina theannta seo tá úrscéal amháin agus mórfhoilseachán, Castar an Taoide, cur síos criticiúil ar ghluaiseacht na Gaeilge foilsithe aige.
Mícheál de Mórdha
Bainisteoir Ionad an Bhlascaoid é Mícheál. Tá aithne náisiúnta air mar iarchraoltóir agus iriseoir de chuid Raidió na Gaeltachta, mar a chaith sé breis is 25 bliain ag saothar ann. Tá sé bainteach riamh le cur chun cinn an phobail Ghaelaigh agus tá tréimhsí caite aige ar Choiste Gnó Chonartha na Gaeilge. Bhí sé ina Uachtarán ar an Oireachtas i gCill Airne i 2010. Tá leabhar agus irisí éagsúla curtha in eagar aige, ina measc irisí Ceiliúradh an Bhlascaoid, Dialann Mhóire, irish Dhún Chaoin, Bláithín: Flower, sraith aistí ar Robin Flower, agus An Rialtas ab fhearr, cur síos ar thábhacht an scannáin Ryan’s Daughter ar Dhún Chaoin.
Peadar Ó hUallaigh
Rugadh agus tógadh Peadar Ó hUallaigh i gCluain Meala. Chaith sé na seascaidí ina dhéagóir i mBaile Átha Cliath. Tá na blianta fada tugtha aige ag gabháilt do cheol traidisiúnta, ag seimint don gcuid is mó ar an Mór-Roinn. Tá sé lonnaithe i gCorca Dhuibhne le nach mór tríocha bliain, agus cónaí air anois i nDún Chaoin. Bronnadh duais ar Tír Tairngire ag Féile Filíochta Dhún Laoghaire mar rogha na gcéadchnuasach inÉirinn i 2009, pé ar bith teanga. Ghnóthaigh Peadar duais i mBéal Átha na mBuillí, leis. D’fhoilsigh Coiscéim Soilse an Chroí i 2011. Rug an dán Sólás craobh na bliana seo caite ag Writers’ Week Lios Tuathail. Tá dán nua “Tuile Díleann” cumtha ag Peadar le déanaí. Tá an dán seo bunaithe ar an sciorradh talún a tharla i nDún Chaoin Geimhreadh 2011 tar éis bháisteach throm.
Áine Moynihan
File agus aisteoir is ea Áine (féach cur síos thíos). Canals of Memory is teideal den gcnuasach filíochta atá foilsithe aici. Is féidir í a fheiscint ag aithris a cuid filíochta anseo http://www.obheal.ie/blog/?page_id=64
Ceoltóirí
Tá ceoltóirí cumasacha ag cur fúthú sa pharóiste ina measc Áine Cheaist Uí Laoithe, Pádraig Ó Sé, Michelle Uí Shé, Muireann Nic Amhlaoibh agus Feargal Mac Amhlaoibh.
Pádraig Ó Sé agus a bheirt mhac, Óigí agus Tomás ag canadh “Bacach Buí na Léige” ar an tsraith Abair Amhrán ar TG4
An Dreoilín i nDún Chaoin
Ealaíontóirí
Maria Simonds-Gooding
Tá cáil ar Mharia nó Máire Mhaith, mar a thugtar go háitiúil uirthi mar ealaíontóir, ag cur fúithi i nDún Chaoin le daichead bliain. Tugann an scannán gairid 7 nóiméad seo le Lanka Haouche léargas dúinn ar obair an ealaíontóra
Dómhnal Ó Bric
Duine de ghlúin ealaíontóirí nua é Dómhnal a rugadh agus a tógadh i nDún Chaoin. Is saortharracóir é atá ag obair ar mhaisiú leabhar den chuid is mó. Tá suíomh idirlín aige anseo.
Claire Nagle
Tá scoil phéintéireachta ag an ealaíontóir, Claire Nagle, ar an gCeathrú, Dún Chaoin.
Bríd Ní Luasaigh
Grianghrafadóir í Bríd ón gCeathrú i nDun Chaoin. Tá suíomh idirlín aici anseo.
Aisteoirí
Áine Moynihan
File agus aisteoir a oileadh in Amharclann na Mainistreach agus atá ina iar-bhall d’aisteoirí RTE Radio atá ina bunaitheoir í Áine. Scríbhneoir is ea í agus tá sí ina Stiúrthóir Ealaíne d’AnnÓg. Tá éacht oibre déanta aici chun ionad ealaíona Gaeilge a bhunú sa Daingean, ar a dtugtar An Lab nó Lab na Mainistreach.
Seán Mistéal
Aisteoir is ea Seán i Ros na Rún, sobaldhráma Gaeilge a bhíonn ar siúl ar Tg4.