Gearrchuntas ar na Torthaí
Tá réimse gnáthóga difriúla i nDún Chaoin agus níos mó na gnáthóg amháin i gcuid de na bailte fearainn rud a thaispeánann go bhfuil éagsúlacht mór sa pharóiste ar fad.
Is féidir a rá go bhfuil Gnáthóga Sléibhe, Gnáthóga Féaraigh, Gnáthóga Fíoruisce agus Gnáthóga Cósta ar fáil i nDún Chaoin agus go bhfuil plandaí, mamaigh, éanlaithe agus inveirteabraigh ag braith ar an staid ina bhfuil gach ceann acu sin chun maireachtaint agus chun bláthú. Tá roinnt plandaí agus ainmhithe sa pharóiste atá suaithinseach ar nós an Muchóg Dhearg (Orobanche alba), an Broc (Meles meles), an Madra Uisce (Lutra lutra), an Préachán Cosdearg (Pyrrhocorax pyrrhocorax), an Chánóg Bhán (Fulmarus glacialis) agus an Seabhac Seilge (Falco peregrinis).
Tá bagairtí ann don Bhithéagsúlacht ar nós:
- Speicis Dheoranta ionrach a bheith gan smacht
- Athrú Aeráide agus an Aimsir
- Droch Bhainistiú Talún a chruthóidh Ualú Chothaithigh agus Truailliú, Caillteanas Gnáthóga agus Róshaothrú.
Tá moltaí sa Tuairisc:
- Dul i mbun comhairliúcháin le muintir an pharóiste chun eolas a thabhairt ar an mBithéagsúlacht agus chun oiliúint a thabhairt ar conas í a aithint, a chosaint agus a fhorbairt.
- Tograí a thosnú chun cabhrú le garraíodóireacht agus crainn a fhás sa pharóiste.
- Plean bainistíochta a chur le chéile chun déileáil le plandaí deoranta ionrach cosúil leis an Ghlúineach Bhiorach (Fallopia japonica), an Gunnera (Gunnera tinctoria), an Fiúise (Fuschia magellanica) agus an Feileastram dearg (Crocosmia crocosmiflora).
Ba maith linn cuireadh a thabhairt duit an Tuairisc iomlán a léamh ag https://dunchaoin.files.wordpress.com/2021/11/suirbhe-bitheagsul-3-9.11-1.pdf agus a bheith rannpháirteach i gcruthú Plean Bithéagsúlachta don pharóiste. Ba mhaith linn ionchur a fháil ó gach duine, go mór mhór na daoine óga sa pharóiste mar is iad a bheidh ag déileáil le Athrú Aeráide agus Caillteanas Gnáthóga.
Liosta Plandaí https://dunchaoin.files.wordpress.com/2021/11/plandai-iomlan-1.pdf