Tá an suíomh seo á reáchtáil ag Comharchumann Dhún Chaoin Teoranta.
Aidhmeanna
Is coiste deonach pobail sinn a chuireann an paróiste chun cinn. Eagraíonn an coiste imeachtaí éagsúla i rith na bliana, ina measc ceiliúradh ar Lá ‘le Gobnait ar an 11 Feabhra, imeachtaí rialta d’aosaigh, reáchtáil seirbhíse leathanbhanda, dinnéar na Nollag, forbairt siúlóide agus bonneagar turasóireachta agus go leor eile.
Coiste Stiúrtha 2022 go 2023
Cathaoirleach: Máire Uí Mhurchú
Leas-Chathaoirleach: Louise Nic Thomáis
Rúnaí: Bláithín Ní Ainnín
Cisteoir: Caitlín Firtéar
Oifigigh: Fionnán Ó hÓgáin, Micheál de Mordha, Feargal Mac Amhlaoibh, Lisa Ní Ghairbhín, Maebh Uí hAiniféin, Conall Ó Cruadhlaíoch
Paróiste Dhún Chaoin
Tá 184 (Daonáireamh 2016) duine ag maireachtaint i nDún Chaoin agus is iad an fheirmeoireacht, seirbhísí turasóireachta agus iascach páirt-aimseartha príomhshlite beatha na ndaoine. Oibríonn mórán de mhuintir an pharóiste sa Daingean agus i mbailte eile.
Is í an Ghaeilge teanga mhuintir Dhún Chaoin agus táimid bródúil as an ngreim atá againn ar ár gcultúr dúchais agus as na nascanna atá againn le sliocht na n-imirceach a thug aghaidh ar shaol nua i Meiriceá, Sasana agus i dtíortha eile.
Bóithríntí na Smaointe
Gheobhaidh tú eolas anseo thíos ar imeachtaí an pharóiste le blianta beaga anuas: