Ionraí Glúineach Bhiorach (Fallopia japonica) agus Gunnera* i nDún Chaoin
Tosnaíodh an tionscnaimh seo sa bhliain 2017 chun an Ghlúineach Bhiorach agus an Gunnera a scrios ón bparóiste. Sa chéad bhliain, deineadh tástáil ar an gCeathrún, i mBaile na hAbha agus i mBaile Bhiocáire agus bheartaíodh gur fiú an obair a leathanú go dtí an paróiste ar fad. Fuaireadh maoiniú 75% ón gClár Leader agus bronnadh conradh ar an gcomhlacht Envirico chun an obair a dhéanamh. Chosain an tionscnaimh €46,996 go hiomlán agus ceadaíodh deontas Leader de €35,247, bailíodh €10,110 ós na húinéirí talún agus fuaireadh cabhair €1,639 ón gComharchumann.
Tá tuiscint níos fearr againn anois ar na speiceas coimhthíoch ionrach seo agus tuigimid chomh láidir agus chomh furleathan atá siad agus go bhfuil sé an-deachair fáil réidh leo. Cabhraíonn an tírdhreach sa pharóiste le scaipeadh na bplandaí agus leanann siad na haibhneacha agus fásann siad go tiubh ins na háiteanna is doshroichte.
Tá dul chun cinn déanta mar a theaspáineann na figiúirí seo:
Limistéar measta den scaipeadh i 2018 27,059 m2
Méid den scaipeadh sin fós ann i 2020 1,365 m2 (5% den bhun mhéid)
Áiteanna nua aimsithe i 2020 616 m2
Iomlán i 2020 1,981 m2
Limistéar measta den Ghunnera i 2018 58 m2
Limistéar measta den Ghunnera i 2020 218 m2 (méadú x 4)
Áiteanna sa pharóiste gur ábhar imní an fás den Glúineach Bhiorach (tagairtí dos na mapaí sa Tuairisc 2020 ó Envirico)
Mám na Ceathrún (dumpáil ann) JK01 & JK02
Cois na habhann i mBaile na Rátha i dtreo Bhóthar na hAbhann JK14 – JK18
Cois na habhann taobh thiar de Thigh Kruger JK28 & JK29
Gleann Loic JK39 & JK56
Baile na Rátha i dtreo an Droichid Bán JK52
Tá gá le cóireáil leanúnach ar na suíomhanna nua (JK63 – JK80)
In ainneoin an méid den Ghlúineach Bhiorach atá scriosta, tugann neart agus seasmhacht an phlanda le tuiscint dúinn gur cóir leanúint le spréáil ins na ceantair atá ag cuir imní orainn. Tiocfaidh an planda chuige féin agus tosnóidh sé ag fás go láidir arís má fágtar gan bhac é agus scaipfaidh sé cois na haibhneacha go dtí láithreacha nua. Moltar gur leor spréáil sa bhFomhar gach bliain chun leanúint leis an dea-obair atá tosnaithe.
Beidh cóireáil de dhíth ar an nGunnera ach ní fadhb chomh mór sin é sin toisc go bhfuil sé fuirist teacht air. *Tá dhá speiceas de Ghunnera sa pharóiste, Gunnera tinctoria a scaipeann go mór mhór le síol agus Gunnera manicata a scaipeann de ghnáth tríd an rúta. Caithfear déileáil leo dá réir.