Ní féidir cuairt a thabhairt ar Dhún Chaoin gan dul isteach don oileán. Tá báid ag rith ó Aibreán go Deireadh Fómhair ó Ché Dhún Chaoin. Agus tú ar an oileán féadfaidh tú dul ag siúl timpeall ar an seanbhaile mar a mhair Peig Sayers, Tomás Criomhthainn agus údair iomráiteacha eile an oileáin.
Bádóirí an Bhlascaoid http://www.blasketisland.com/
Blasket Islands Ferries: http://www.blasketislands.ie/
Tógadh Ionad an Bhlascaoid Mhóir i 1993 in ómós d’oidhreacht shuaithinseach an Bhlascaoid agus don dteanga dhúchais. Do mhair daoine go leanúnach ar an mBlascaod, atá 5km amach ó Chorca Dhuibhne, ar feadh trí chéad bliain ar a laghad go dtí gur tréigeadh an t-oileán ar fad i 1953. Mar gheall ar iargúltacht an oileáin do choimeád na hoileánaigh greim ar a gcultúr agus ar a dtraidisiún féin agus go háirithe ar labhairt na Gaeilge, croílár an traidisiúin sin. Tá scéal na n-oileánach á chur i láthair san Ionad chomh maith lena mbearta litríochta.
Bíonn Ceiliúradh an Bhlascaoid ar siúl gach bliain.
Seirbhísí Eaglasta
Eaglais Chaitliceach: Bíonn Aifreann i Sáipéal Dhún Chaoin tráthnóna Dé Sathairn ag 7.30pm, i mBaile an Fheirtéaraigh (8km) maidin Dhomhnaigh ar a 9.00am nó i Séipéal na Carraige (15km)ag 11.15.
Tá sonraí maidir le haifrinntí eile anseo.
Eaglais na hÉireann: bíonn seirbhís eaglasta ar siúl in Eaglais Naomh Séamuis sa Daingean (16km) ar a 12pm ar an nDomhnach.
Tá eolas breise faoi sheirbhísí eaglasta ar leithins Chortca Dhuibhne ar fail ag an nasc seo.
Má tá síob uait cuir glaoch ar Tommy ag 087-9332264
Seirbhís Leathanbhanda an pharóiste
Tá scéim leathanbhanda pobail á reáchtáil ag an gComharchumann ó mhí Eanair 2006. Tá costas €20 sa mhí ar an mbunsheirbhís. Is féidir breis eolais a fháil ó Dhoncha Ó Conchúir ag doncha@dunchaoin.com
Tá tuilleadh eolais anseo thíos faoi pholsaithe, téarmaí agus coinníollacha.