Siúlóidí

Tá siúlóidí deasa i nDún Chaoin agus sa cheantar máguaird. Gheobhaidh tú eolas anseo faoi shiúlóidí éagsúla atá sa pharóiste. Cuir ort do bhutaisí agus téir amach faoin aer!
walking in dun chaoin

walking in dingleSiúlóid na Cille

Is cuid de ghréasán náisiúnta de lúbshiúlóidí d’ardchaighdeán atá á fhorbairt ag Fáilte Éireann, an tsiúlóid seo. Tá an lúbshiúlóid seo forbartha le comhoibriú úinéirí talún agus eagraíochtaí áitiúla. Táimid buíoch dóibh ar fad. Tá cóip de mhapa na siúlóide ar fáil go háitiúil.

Tá mapa agus cur síos ar an tsiúlóid ar fáil anseo.

 

Pacáiste do scoileanna – tá treoirleabhar agus leabhar saothair ana-tharraingteach foilsithe ag Comharchumann Dhún Chaoin Teo atá dírithe ar leanaí scoile a thagann ar cuairt – tuilleadh eolais ar fáil anseo

Ag siúl le leanaí? Leisce orthu? Bain triail as  Treodóireacht le grianghrafanna – cluiche é seo do leanaí – Bain triail as. Siúlóid na Cille .

dingle waySlí Chorca Dhuibhne

Gabhann an mhórshiúlóid náisiúnta seo a thosnaíonn agus a chríochnaíonn i dTrá Lí trí Dhún Chaoin. Tógann sé suas le hocht lá an tsiúlóid seo ina iomláine a shiúil. Tá cuid de na radharcanna is táibhsí sa tír le feiscint ar an tslí. Tá an tslí marcáilte feadh na slí le comharthaí fir buí. Tá comharthaí le mapa agus eolas turasóireachta áitiúil curtha in airde ag Comharchumann Dhún Chaoin Teoranta ag cur fáilte speisalta roimh chuairteoirí atá ag gabháil tríd an bparóiste ar Shlí Chorca Dhuibhne. Tá cur síos ar an tSlí ar fáil anseo.

 

Sliabh an Fhiolair
An tslí is fusa tabhairt faoin sliabh seo ná do mhótar a pháirceáil go cúramach ar bhóthar an Chlasaigh, is é sin an bóthar idir Dún Chaoin agus Ceann Trá. Lean an bóithrín sléibhe atá greannta isteach sa sliabh suas go barra. Níl aon chomharthaí ar an tsiúlóid seo. Tá polla ag an mbarra.

 

Cruach Mhárthain

Arís eile, is an tslí is fusa tabhairt faoin gcnoc seo ná do mhótar a pháirceáil go cúramach ar bhóthar an Chlasaigh, is é sin an bóthar idir Dún Chaoin agus Ceann Trá, áit éigin timpeall ar an mast. Lean an sreang agus an cosán suas go barra. Níl aon chomharthaí ar an tsiúlóid seo. Tá radharcanna breátha ag a bharra.

An Blascaod Mór

Ta siúlóidín deas ciorclach istigh san Oileán a thógann tuairim is uair agus ceathrú. Féadfaidh an té atá níos fuinniúla leanúint orthu siar go dtí an Ceann Dubh ach bí cúramach, is féidir leis a bheith dainséarach. Níl aon chomharthaí slí ar an oileán.

Siúlóidí eile sa chomharsanacht

Cosán na Naomh (4 mhíle ó Dhún Chaoin)

Seanchosán oilithreachta é seo atá sa pharóiste tar éis an chnoic uainn i bParóiste Fionntrá. Tosnaíonn an tsiúlóid seo ag an dTráigh agus téann sé ar bhóithíntí glasa agus trí na goirt ó thuaidh agus críochnaíonn ag Cnoc Bréanainn, 18 ciliméadar ó bhaile. Tá an cosán marcáilte feadh na slí le comhartha manaigh. Tá mórán séadchomharthaí agus iarsmaí stairiúla le feiscint feadh na slí ina measc, Caisleán agus Ráthanáin, Séipéillín Ghallarais, Cathair Deargáin, Cill Maoilchéadair, Corr Áille agus go leor eile.  Tá cuntas anseo ag Irish Trails agus ceann ana-chuimsitheach anseo curtha le chéile ag ScrogallTV  agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne le cur síos dátheangach ag Sláine Ní Chathallaín agus Tommy Ó Lúing.

Cuas na nEighe (2 mhíle ó Dhún Chaoin)

Tosnaíonn an tsiúlóid seo ag Tráigh Chloichir, dhá mhíle nó mar sin ó thuaidh ó Dhún Chaoin. Lúbshiúlóid a thógann timpeall uair an chloig a shiúil í. Tá sí marcáilte feadh na slí agus í a cothabháil ag úinéirí talún áitiúla. Tá cuntas anseo ag Irish Trails agus ceann anseo ag an údar seo le mapa.