Fáilte romhat go suíomh idirlín Pharóiste Dhún Chaoin. Tá súil againn go mbaineann tú sásamh as an suíomh seo.
Is é Dún Chaoin an paróiste is sia siar in Éirinn agus san Eoraip. Tá sé suite in Iarthar Chiarraí ar an bpointe is sia siar de leithinis Chorca Dhuibhne, a aghaidh ag féachaint amach ar na Blascaodaí agus ar an Atlantach agus a chúl le Sliabh an Fhiolair agus Cruach Mhárthain.
Tabhair cuairt orainn agus bain sásamh as na radharcanna agus daoine breátha a bhuailfidh leat.
Gheobhaidh tú eolas anseo faoi:
- Stair agus Seanchas an pharóiste
- Gaeilge agus cultúr
- Lóistín
- Bia agus Deoch
- Siúlóidí
- Seirbhísí sa pharóiste
- Nuacht rialta