€400 bailithe do Concern
Bhí slua breá i dTigh Kruger don dTráth na gCeist a bhí eagraithe aréir ag Comharchumann Dhún Chaoin Teoranta ar mhaithe le Concern. Bailíodh €400 ar an oíche. Buíochas le lucht eagair na hoíche, Malachaí, John, agus Conall, agus le gach duine a ghlac páirt. Seo thíos na buaiteoirí – Feargal, Muireann, Tadhg agus Dómhnal.…