Comhghairdeachas

Bhí ceiliúradh mór ag leanaí na scoile ag an ndeireadh seachtaine nuair a ghlac cúigear daltaí lena gCéad Chomaoine. Seo thuas iad lena múinteoirí Máire Ní Mhaoileoin agus Maryann Ní Laoithe; ó chlé tá Ruairí Ó hÓgáin, Grace de Bhál, Caitlíona Nic Cárthaigh, Fódhla Nic Láimh agus Danny Ó Cíobháin.

Gairdíní na Cásca i Scoil Dhún Chaoin

Bhí leanaí an pharóiste cúramach an tseachtain seo caite ag prapáil don gCáisc agus iad ag obair go dian dícheallach chun Gairdín na Cásca a dhéanamh- tá a saothar le feiscint thíos. Ba í an t-ealaíontóir Lone Uí Raghallaigh a bhí i mbun moltóireachta agus ba dheacair di na hiarrachtaí a scarúint. Maith sibh ar fad!…

Ní dhúnfar Scoil Dhún Chaoin!

Craolfar scannán ar an 31 Nollaig ag 7.30pm ar TG4 faoin bhfeachtas chun Scoil Dhún Chaoin a athoscailt. Beidh go leor do mhuintir na háite le feiscint air. Tá an clár seo déanta ag Peter Carr, Mícheál agus Daithí de Mórdha. Tá tuilleadh eolais le fáil san alt seo a bhí ar an Examiner inné.  …

Ceiliúradh 100 Bliain na scoile

Bhí lá mór sa pharóiste inniu in ainneoin na drochaimire nuair a deineadh ceiliúradh ar bhunú na scoile 100 bliain ó shin. Cheiliúraigh Easpag Chiarraí, Réamonn de Brún, agus sagairt áitiúla, Aifreann sa scoil agus ina dhiaidh sin sheol Breandán Feirtéar, leabhar cuimhneacháin a cuireadh le chéile don ócáid. Bhí idir cheol, amhráin agus chuimhní…

Ceiliúradh 100 Bliain bunú Scoil Dhún Chaoin

Nóta don ndialann! Tá na socraithe déanacha á ndéanamh faoi láthair do dheireadh seachtaine ceiliúradh ar 100 bliain bunú Scoil Dhún Chaoin. Mar chuid de chlár imeachtaí beidh Aifreann á cheiliúradh ag Easpag Chiarraí sa scoil ar an 6 Meitheamh, déanfar leabhrán speisialta á sheoladh agus beidh taispeántas ar siúl sa scoil. Ar an Satharn…

Nuachtlitir an Pharóiste 2013 seolta agus ná dearúd Dráma na Nollag

  Sheol Seán Ó Cinnéide, Cathaoirleach Chomharchumann Dhún Chaoin Teoranta, Dialann Mhóire, nuachtlitir Pharóiste Dhún Chaoin ag Dinnéar bliantúil na Nollag i dTig Áine ar an nGráigh. Tá cóip ar fáil go háitiúil nó leagan leictreonach ar fáil anseo. Comhghairdeachas le gach duine a bhí páirteach i gcur le chéile na hirise.   Agus ná…

Féile na Bealtaine 2013

Tá an deireadh seachtaine fada buailte linn agus na sluaite ag tarrac ar an gceantar. Tá go leor imeachtaí ar siúl d’Fhéile na Bealtaine ar an leithinis agus  ghlac leanaí na scoile páirt i gceann de na himeachtaí sin inniu, is é sin  i bParáid Fhéile na Bealtaine sa Daingean tráthnóna DéDomhnaigh 5 Bealtaine 2013.…

Céad Chomaoine i nDún Chaoin

Comhghairdeachas le Rang a Dó i Scoil Dhún Chaoin a dhein a gcéad chomaoine i Sáipeál Dhún Chaoin an tseachtain seo caite. Is é An tAthair Ó hIceadha a bhí i mbun cheiliúradh an Aifrinn agus bhí na leanaí scoile ar fad páirteach ann. Comhghairdeachas speisialta leis an dtriúir leanbh a fuair a gcéad chomaoine…