An Ghlúineach Bhiorach – Japanese Knotweed

Cruinniú Poiblí Tugtar cuireadh duit teacht go cruinniú in Ionad an Bhlascaoid Mhóir Dé Luain, 22 Lúnasa 2016 ag 7.00 i.n. chun an Ghlúineach bhiorach a phlé. Is tionscnamh pobail é seo chun deireadh a chur leis an bplanda i nDún Chaoin. Cuirfear Torthaí ar Shuirbhé Éiceolaíochta an pharóiste i láthair agus beidh plé ar…

Ráiseanna Capall 2016

Beidh Ráiseanna Capall Dhún Chaoin ar siúl Dé hAoine bheag seo (12 Lúnasa 2016) i dTigh Kruger ag 8.30pm. Beidh na ráiseanna ar taispeáint ar scáileán le tráchtaireacht bheo ó Lorcán Ó Cinnéide agus Noelaí Ó Maoileoin. Ócáid bhliantúil bailithe airgid é d’imeachtaí pobail sa pharóiste. Tá Comharchumann Dhún Chaoin Teoranta buíoch do gach duine a…

Féile Dhún Chaoin 16/17 Iúil

Ceol agus Amhrán Beidh Oíche Cheoil agus Amhrán anocht (Satharn 16ú) i dTigh Kruger mar chuid d’Féile Dhún Chaoin. Beidh aoinna speisalta ann ó Chúil Aodha. Fáilte roimh chách. BBQ Beidh BBQ an pharóiste ar siúl tráthnóna Dé Domhnaigh 17ú i gcarrchlós Ionad an Bhlascaoid ag tosnú ag 5.30pm. Beidh costas €10 ar dhaoine fásta agus leanaí…

Duais ‘Laoch an Phráta 2016’ imithe siar go dtí an gCom!

 (Pic: S. Kirby) Cathal agus Caitlín Feirtéar, Com Dhíneoil, i dteannta Peigí Mistéal (Moltóir), agus Fionnan Ó hÓgáin (Eagraí áitiúil) ag bronnadh teastais Laoch an Phráta i dTigh Kruger Dé Sathairn seo caite. Raghaidh said ar aghaidh thar ceann an Pharóiste go Baile na nGall Dé Domhnaigh seo chugainn i gcomórtas an Spud Off, comórtas idir bhuaiteoirí chomórtais…

€400 bailithe do Concern

Bhí slua breá i dTigh Kruger don dTráth na gCeist a bhí eagraithe aréir ag Comharchumann Dhún Chaoin Teoranta ar mhaithe le Concern. Bailíodh €400 ar an oíche. Buíochas le lucht eagair na hoíche, Malachaí, John, agus Conall, agus le gach duine a ghlac páirt. Seo thíos na buaiteoirí  – Feargal, Muireann, Tadhg agus Dómhnal.…

Tráth na gCeist Anocht ag 8.30pm

Beidh Tráth na gCeist Boird ar siúl i dTigh Kruger anocht (Máirt 29ú Nollaig) ag 8.30pm. €20 ar bhord de cheathrar agus raghaidh an t-airgead ar mhaithe le Concern sa tSiria. Ná bac an drochaimsir. Cuir ort do chasóg agus buail amach!

Dinnéar na Nollag 2015

Beidh Dinnéar na Nollag  i dTigh Áine, An Ghráig, ag 8.30i.n oíche Dé Sathairn,12 Mí na Nollag 2015. Ticéad €15 an duine. Ní mór do thicéad a cheannach roimh 5 Mí na Nollag. Chun do thicéad a chur in áirithint dein teangmháil le cinneidedc@eircom.net nó ag 066 9156168. Tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc…

Féile Dhún Chaoin 2015

Cuirfear tús le himeachtaí Fhéile Dhún Chaoin 2015 i dTigh Kruger oíche Dé Sathairn 15ú Lúnasa ar a 8pm mar a reáchtálfar Oíche Ráiseanna Capall ar scáileán. Is é Mícheál Ó Sé, iarchraoltóir RnaG, a bheidh i mbun tráchtaireachta. Raghaidh an t-airgead a bhaileofar ar mhaithe le forbairt an pharóiste. Míle buíochas le lucht tacaíochta agus le lucht…

Laochra an phráta roghnaithe!

              Moltóireacht dhian ar bun ag John Kirby, Stephen Comerford agus Mairéidín Ní Mhaoileoin ag Comórtas na bPrátaí i dTigh Kruger Dé Sathairn 20 Meitheamh. Buíochas ó chroí leis na moltóirí, na hiomaitheoirí agus le Tigh Kruger. Is é Fionnán Ó hÓgáin, Baile na Rátha le práta de dhéanamh Home Guards, agus Frances Uí Chinnéide ó…

Comórtas an Spud off anocht!

Beidh comórtas an Spud-off nó Laoch an Phráta sa pharóiste i dTigh Kruger anocht (Satharn 20 Meitheamh) ag tosnú ag 8pm. Seisear atá cláraithe faoin dtráth seo ach fáilte roimh a thuileadh iarrathóirí ach teagbháil a dhéanamh roimh 7pm le Fionnán ag foh216@gmail.com. Má tá tú ar fáil idir 8-9pm táimid ar thóir cúpla moltóir chun…