Cruinniú Ginearálta Bliantúil 2021

Comharchumann Dhún Chaoin Teoranta Cruinniú Ginearálta Bliantúil 2021 Beidh an Cruinniú Ginearálta Bliantúil de Chomarchumann Dhún Chaoin Teoranta ar siúil ar Zoom ag 8.30 i.n., Dé Máirt, 27 Iúil 2021. Is féidir le baill an Chomharchumainn an nasc d’fháil don gcruinniú ach ainm agus seoladh a chuir ar ríomhphost go dtí niaininb@tcd.ie roimh Dé Luain,…

An Ghlúineach Bhiorach a scrios

Comharchumann Dhún Chaoin Teoranta Beidh an Togra Píolótach chun an Ghlúineach Bhiorach a scrios i nDún Chaoin ag tosnú an tseachtain 28 Lúnasa ag braith ar an aimsir.  ‘Sé atá i gceist ná stráice timpeall 100 méadar i mBaile Bhiocáire (ón dtigh is faide suas go dtí an droichead), timpeall 100 méadar cearnach ag Droichead…

Deire Seachtaine an Pharóiste 22 – 23 Iúil 2017

Dé Sathairn, 22 Iúil   8.15 i.n.        Ómós do Shinsear an Pharóiste Beidh searmanas ag an Sean Reilig in aice leis an Sáipéal i mBaile an Teampaill chun aitheantas agus ómós a thabhairt dos na céadta daoine atá adhlactha ann.   Dé Domhnaigh, 23 Iúil  6.00 i.n.        Barbecue an Pharóiste Beidh Barbecue an Pharóiste le cluichí…

Aifreann 7.30pm- Cór Iarthar Dhuibhneach

Nóta beag breise faoi imeachtaí Lae ‘le Gobnait i nDún Chaoin Chomh maith leis an Aifreann ar 11.00am ar an Satharn 11 Feabhra, beidh an gnáth-Aifreann á cheliúradh ag an ngnáth-am, is é sin 7.30pm i Sáipéal Dhún Chaoin, agus in onóir na hocáide beidh Cór Iarthar Dhuibhneach ag canadh ag an Aifreann.

Imeachtaí Lae ‘le Gobnait 2017

‘Bhí an tAifreann léite is gach rud déanta….’! Sea, tá clár imeachtaí leagtha amach do Lá ‘le Gobnait 2017 ag Coiste an Chomharchumainn agus ba mhaith linn cuireadh a thabhairt do mhuintir an pharóiste agus ár gcairde go léir a bheith farainn ar an lá. Seo a leanas imeachtaí Lae ‘le Gobnait, pátrún Dhún Chaoin,…

Logainmneacha Dhún Chaoin

Comharchumann Dhún Chaoin Teoranta Ba mhaith le Coiste an Chomharchumainn cuireadh a thabhairt duit a bheith i láthair nuair a sheolfaidh An Dr. Pádraig Ó hÉalaí Logainmneacha Dhún Chaoin bunaithe ar thaighde a dhein Éamonn Ó hÓgáin agus John Kennedy ag Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Co. Chiarraí ag 8.00 i.n. ar Lá ‘le…

Tráth na gCeist Boird

Bliain nua fé mhaise do gach éinne! Beidh tráth na gceist boird bliantúil faoi scáth an chomharchumainn ar siúl i dTigh Kruger oíche Dé Céadaoin an 28ú Nollaig ar 8.30pm. Foireann de cheathrar agus tálle €20 an bord. Raghaidh an t-airgead a bhaileofar go dhá charthannacht – bus d’othar ailse agus so Chomhairleoireacht Chuain. Duaiseanna don gcéad,…

Torthaí na Ráiseanna

Bhí ardoíche i dTigh Kruger aréir d’Oíche na Ráiseanna. Míle buíochas le Lorcán Ó Cinnéide agus Noelaí Ó Maoileoin a bhí i mbun tráchtaireachta, le Mal as cúrsaí teicneolaíochta, le Niamh, Ciara agus criú as an ngeallghlacadóireacht agus le gach duine a dhíol agus a cheannaigh capall agus leis an gCoiste ar fad a chabhraigh leis an…