An Ghlúineach Bhiorach a scrios

Comharchumann Dhún Chaoin Teoranta

Beidh an Togra Píolótach chun an Ghlúineach Bhiorach a scrios i nDún Chaoin ag tosnú an tseachtain 28 Lúnasa ag braith ar an aimsir.  ‘Sé atá i gceist ná stráice timpeall 100 méadar i mBaile Bhiocáire (ón dtigh is faide suas go dtí an droichead), timpeall 100 méadar cearnach ag Droichead Chéileachair i mBaile na hAbha (suíomh na h-uachtarlainne go dtí an scioból) agus ó bharra na Cheathrúin síos timpeall 100 méadar.

 

Beidh instealladh, cuimilt ar na duilleoga agus spréáil i gceist ag braith ar an áit ina bhfuil an planda ag fás agus beidh an conraitheoir, Tom Maguire, an-cháiréiseach i gcónaí chun aon dochar a sheachaint.  Mar sin féin, molaimid gan leanaí ná ainmhithe a ligint ar na  láithreacha sin ar feadh 24 uair a chloig tar éis an luibhicíd a scaipithe.  Ná ith na sméara dubh atá in aice leis an nGlúineach Bhiorach ins na háiteanna sin ach oiread ar eagla go bhfuil aon bhraon den luibhicíd imithe orthu.  Déanfar an obair trí n-uaire ar fad coicís i ndiaidh a chéile.