Imeachtaí Lae ‘le Gobnait 2017

‘Bhí an tAifreann léite is gach rud déanta….’!

Sea, tá clár imeachtaí leagtha amach do Lá ‘le Gobnait 2017 ag Coiste an Chomharchumainn agus ba mhaith linn cuireadh a thabhairt do mhuintir an pharóiste agus ár gcairde go léir a bheith farainn ar an lá.

Seo a leanas imeachtaí Lae ‘le Gobnait, pátrún Dhún Chaoin, a bheidh ar siúl ar an Satharn seo chugainn 11 Feabhra 2017.

11.ooam   Aifreann i Sáipéal Naomh Gobnait

12.00pm   Turas na Cille

12.10pm   An clár ‘Togha is Rogha’ le Raidió na Gaeltachta á chraoladh beo ó Ionad an           Bhlascaoid

1.00pm   Seó ó leanaí na scoile in Ionad an Bhlascaoid

1.30pm   Lón in Ionad an Bhlascaoid

8.00pm   Seoladh leabhair: ‘Logainmneacha Dhún Chaoin’ á sheoladh ag an nDr. Pádraig Ó Héalaí in Amharclann Ionad an Bhlascaoid.

Beidh caint, ceol, filíocht, bronntaí agus cur is cúiteamh ar siúl. Fear an tí: Padraig Ó Sé.

Soláistí i bhFáiltiú an Ionaid i ndiaidh na n-imeachtaí.

Teacht le chéile i dTigh Kruger ina dhiaidh.

Beidh an leabhar ar díol ar 20 euro ar an oíche.

Buíochas le gach duine a chabhraigh agus a thacaigh le heagrú an lae.

Fáilte roimh chách!