Torthaí na Ráiseanna

Bhí ardoíche i dTigh Kruger aréir d’Oíche na Ráiseanna.

Míle buíochas le Lorcán Ó Cinnéide agus Noelaí Ó Maoileoin a bhí i mbun tráchtaireachta, le Mal as cúrsaí teicneolaíochta, le Niamh, Ciara agus criú as an ngeallghlacadóireacht agus le gach duine a dhíol agus a cheannaigh capall agus leis an gCoiste ar fad a chabhraigh leis an ócáid.

Tá Comharchumann Dhún Chaoin ana-bhuíoch de na hurraithe ar fad a thacaigh leis an oíche agus buíochas speisialta le Tigh Kruger. Bailíodh isteach is amach ar €1,500 ar mhaithe leis an bparóiste.

Seo a leanas torthaí na ráiseanna: (duaiseanna 1ú= €25, 2ú = €15)

Rás 1 urraithe ag Coláistí Chorca Dhuibhne

1ú Port na bPúcaí le Lís Dálaí

2ú Twilight Sparkle le Muireann Nic Amhlaoibh

Rás 2 urraithe ag Údarás na Gaeltachta

1ú Dingle Donkey le Evelyn O’Sullivan

2ú Guten Tag le Pádraig Ó Scannláin

Rás 3 urraithe ag an gCaifé Liteartha

1ú Farraigí Arda le Carol Cronin

2ú Muileata le Cathal agus Augusta

Rás 4 urraithe ag Corca Dhuibhne Beo

1úArd Barra le Seán Ó hAiniféin

2ú Alice in Wonderland le Catherine Sheehy

Rás 5 urraithe ag Gluaisteán an Riaisc

1ú An Pony Rua le Eoin Firtéar

2ú Dolly le Sorcha Ní Dhubhshláine

Rás 6 urraithe ag Tigh Kruger

1ú Blue Eyes le Ed agus Jennie Barrett

2ú Rebel Kingdom le Eileen Lee

Rás 7 urraithe ag Bialann ‘An tIasacaire’

1ú Mú ars’ an Bhó le Siún Ní Fhlatharta

2ú Old Rag le John agus Sherry Kirby

Rás 8 urraithe ag Ionad an Bhlascaoid Mhóir

1ú Elmo le Peigí Mistéal

2ú Barbella Liberty le Siobhán Ní Mhathúna

Rás 9 urraithe ag Comharchumann Dhún Chaoin Teo

1ú Pangur le Frances Uí Chinnéide

2ú Com gCath le Gearóid Ó Brosnacháin

Rás 10 urraithe ag Seán Ó Súilleabháin agus a chuid Cúntasóirí

1ú Inis Crabhann le Máire Uí Ainín

2ú Pinot Grigio le Rebecca Evans

Rás 11A agus 11B Rás Mór na hOíche

11A

1ú Is cuma Liom le Bríd Firtéar

2ú An Lab le Áine Moynihan

11B

1ú MacBoom le Muintir Stuart

2ú Red Sox le Ciara Barrett

 

Go mbeirimid beo ag an am seo arís!