Beidh Ráiseanna Capall Dhún Chaoin ar siúl Dé hAoine bheag seo (12 Lúnasa 2016) i dTigh Kruger ag 8.30pm.
Beidh na ráiseanna ar taispeáint ar scáileán le tráchtaireacht bheo ó Lorcán Ó Cinnéide agus Noelaí Ó Maoileoin. Ócáid bhliantúil bailithe airgid é d’imeachtaí pobail sa pharóiste.
Tá Comharchumann Dhún Chaoin Teoranta buíoch do gach duine a dheineann urraíocht ar rás agus do gach duine a cheannaíonn capall agus a thugann tacaíocht ar an oíche. Beidh tote ann ar an oíche agus is féidir geall a chur ar chapall más maith leat ar an oíche.
Bí ann gan teip!