Duais ‘Laoch an Phráta 2016’ imithe siar go dtí an gCom!

prata (Pic: S. Kirby)

Cathal agus Caitlín Feirtéar, Com Dhíneoil, i dteannta Peigí Mistéal (Moltóir), agus Fionnan Ó hÓgáin (Eagraí áitiúil) ag bronnadh teastais Laoch an Phráta i dTigh Kruger Dé Sathairn seo caite.

Raghaidh said ar aghaidh thar ceann an Pharóiste go Baile na nGall Dé Domhnaigh seo chugainn i gcomórtas an Spud Off, comórtas idir bhuaiteoirí chomórtais áitiúla na bparóistí.  Guímid gach rath orthu.

Bhí seachtar iomaitheoirí ar fad istigh ar chomórtas 2016. Buíochas leo sinn ar fad a ghlac páirt: Matt Mac Carthaigh, An Cheathrú, Christy Mac Gearailt, An Cheathrú, Tomáisín Ó Lúing, Baile Bhiocáire, Frances Uí Chinnéide, Baile Bhiocáire, Kristin agus Tom Durkan, Baile na Rátha, Fionnán Ó hÓgáin, Baile na Rátha, agus Cathal agus Caitlín Feirtéar, Com Dhíneoil.

Buíochas speisialta leis na triúr moltóirí – Peigí Mistéal, John Kirby agus Ciaran Ó Lúing agus le muintir Thigh Kruger.

Advertisements