Cuirfear tús le himeachtaí Fhéile Dhún Chaoin 2015 i dTigh Kruger oíche Dé Sathairn 15ú Lúnasa ar a 8pm mar a reáchtálfar Oíche Ráiseanna Capall ar scáileán. Is é Mícheál Ó Sé, iarchraoltóir RnaG, a bheidh i mbun tráchtaireachta. Raghaidh an t-airgead a bhaileofar ar mhaithe le forbairt an pharóiste. Míle buíochas le lucht tacaíochta agus le lucht urraíochta go léir.
Leanfar le himeachtaí Dé Domhnaigh nuair a eagrófar siúlóid agus tóraíocht taisce ag tosnú ag 3pm i gcarrchlós Ionad an Bhlascaoid ag 3pm.
Beidh seisiún ceoil, rince seite, agus amhránaíocht i dTigh Kruger idir 6-9pm chun clabhsúr a chur leis an bhféile.
Tá saorchead isteach go dtí na himeachtaí go léir. Scaip an scéal!