Laochra an phráta roghnaithe!

IMG_1284             prata 2015

Moltóireacht dhian ar bun ag John Kirby, Stephen Comerford agus Mairéidín Ní Mhaoileoin ag Comórtas na bPrátaí i dTigh Kruger Dé Sathairn 20 Meitheamh. Buíochas ó chroí leis na moltóirí, na hiomaitheoirí agus le Tigh Kruger.

Is é Fionnán Ó hÓgáin, Baile na Rátha le práta de dhéanamh Home Guards, agus Frances Uí Chinnéide ó Bhaile Bhiocáire le práta British Queens, a bhí ar chomh-tharrac marcanna. Is í Frances a dhéanfaidh ionadaíocht ar an bParóiste sa chraobh i mBaile na nGall an deireadh seachtaine seo chugainn.

Go n-éirí go geal léi agus lena prátaí!