Beidh siúlóid ar Chosán na Naomh mar chuid de Lá Náisiúnta na gCosán Oilthreachta ar Shatharn Cásca ag tosnú ag 10.30am i gcarrchlós Thráigh Fhionntrá. Níl aon táille i gceist ach ní mór do dhaoine a socraithe taistil féin a dhéanamh. Siúlóid timpeall 18km is ea Cosán na Naomh a shníomhann trasna na leithinse ó Thráigh Fhionntrá go Cnoc Bréanainn agus a théann thar le mórán de na suíomhanna seandálaíochta agus eaglasta is tábhachtaí ar an leithinis, ina measc Teampall na Cluanach, Rath agus Caisleán Rathanáin, Sáipéilín agus Caisleán Ghallarais, Cill Maoilchéadair, Tigh an tSainsealeára agus go leor eile. Beidh an seandálaí Isabel Bennett i láthair chun eolas a roinnt ar dhaoine. Tá fáilte roimh chách agus is féidir le daoine an cosán ar fad nó codanna de a shiúil de réir mar is áil leo féin.