Mollaí Ní Chonchúbhair imithe ar shlí na fírinne

Cailleadh Mollaí Ní Chonchúbhair, An Cheathrú, Dún Chaoin, go suaimhneach in Ospidéal an Daingin, i gcuideachta a gaolta inné (3 Márta 2015) agus í in aois 95 bliana. Suaimhneas síoraí dá hanam uasal.

Bhí aithne fhorleathan ar Mhollaí toisc go mbíodh na sluaite ag tarrac ar Thigh Mhollaí, ceann de na chéad tithe ósta a tógadh sa cheantar. Comhbhrón lena deartháir Paddy agus a gaolta uile.

 

mollai 1  Mollaí 2
Tá na socraithe socraide anso thíos:

http://www.rip.ie/showdn.php?dn=249956/MollaíNÍ CHONCHÚBHAIR/Dunquin/Kerry

Beidh sí á tórramh i dTigh Tórraimh Uí Chonchúbhair sa Daingean idir 7pm agus 8.30pm tráthnóna Déardaoin 5ú Márta agus á haistriú ina dhiaidh sin go Séipéal Dhún Chaoin. Beidh sí á cur i Reilig Dhún Chaoin tar éis Aifrinn 2pm Dé hAoine 6ú Márta. Meala mór a bás dá deartháir Paddy, dá nianna agus dá neachtanna, dá gaolta agus dá cairde.

Advertisements