Lá ‘ le Gobnait, 11 Feabhra 2015

Beidh imeachtaí ar siúl i nDún Chaoin chun ceiliúradh a dhéanamh ar lá phatrún an pharóiste, Naomh Gobnait, ar an gCéadaoin 11 Feabhra.

Clár an Lae

10am   Aifreann: Déanfar an tAifreann a cheiliúradh i Sáipéal Dhún Chaoin ag 10am ar maidin.

11am    Turas na Cille: Déanfar Turas na Cille ina dhiaidh sin.

12pm:  Dráma in Ionad an Bhlascaoid: tá fáilte roimh gach aon duine go hIonad an Bhlascaoid do dhráma beag ó na leanaí scoile

1pm:  Greim bídh

1.30pm Léiriú poiblí an chláir “Ní Dhúnfar Scoil Dhún Chaoin” a craoladh um Nollaig agus é comhléirithe ag Mícheál agus Daithí de Mórdha. Cuirfear soláistí ar fáil a bhuíochas do TG4.

9pm     Oíche Cheoil : Beidh oíche mhór cheoil agus seiteanna ar siúl i dTigh Kruger.

Fáilte roimh chách.

Tá Comharchumann Dhún Chaoin Teoranta buíoch do gach aon duine a chabhraíonn agus a thacaíonn le himeachtaí Lae ‘le Gobnait a eagrú.