Lá ‘le Gobnait – 11 Feabhra 2015

Ní fada uainn Lá ‘le Gobnait anois- comhartha go bhfuil laethanta an gheimhridh nach mór curtha dínn againn agus é in am tosnú ag prapáil dos na prátaí luatha.

Beidh imeachtaí Lae ‘le Gobnait ag tosnú ag 10am  i mbliana mar a ndéanfar an tAifreann a cheiliúradh i Sáipéal Dhún Chaoin.  Déanfar Turas na Cille ina dhiaidh sin agus tá fáilte roimh gach aon duine go hIonad an Bhlascaoid ina dhiaidh.  Léireoidh na leanaí scoile dáma beag, cuirfear greim bídh ar fail agus gheobhaidh daoine deis iad féin agus muintir an pharóiste a fheiscint ar an scáileán mór do léiriú poiblí an chláir “Ní Dhúnfar Scoil Dhún” a craoladh um Nollaig. Cuirfear soláistí ar fáil a bhuíochas do TG4. Fáilte roimh chách.

 

turas  turas 2