Tomás Ó Sé le Corn Tom Markham ag Cóisir na Nollag ag Paróiste Dhún Chaoin i dTig Áine.
Bhí Tomás ina aoi speisialta oíche Dé Sathairn nuair a bhailigh muintir na háite le chéile chun bliain eile a cheiliúradh. Sheol Marcas Mac Domhnaill, Cathaoirleach an Chomharchumainn, nuachtlitir an pharóiste – Dialann Mhóire agus ghabh sé buíochas le Seán Ó Cinnéide, eagarthóir agus Feargal Mac Amhlaoibh a chur an iris i gcló. Tá cóipeanna ar fáil saor in aisce agus is fiú cóip a fháil. Bhí ard-oíche cheoil ann agus bhí gach aon duine sásta leis an mbia breá a chuir Áine agus a foireann ar fáil. Go mbeirimid beo ag an am seo arís!