Laoch an Phráta i nDún Chaoin

laoch an phrata 2

Christy Mac Gearailt, Daithí de Mórdha agus Tomás Ó Lúing

Is é Daithí de Mórdha, Baile na Rátha, le prátaí Banríonaí Bhaile na Rátha, a dhein an t-aicsean aréir i dTigh Kruger, mar a raibh comórtas Pharóiste Dhún Chaoin don Spud-Off 2014 ar siúl. Comórtas bliantúil é atá ar siúl le blianta beaga anuas i gCorca Dhuibhne chun teacht ar Laoch an Phráta, an duine is fearr sa dúthaigh chun prátaí luatha a fhás.

Ochtar a bhí istigh ar chomórtas Dhún Chaoin, mar atá Frances agus John Ó Cinnéide (Baile Bhiocáire), Margaret agus Tomáisín Ó Lúing, (Baile Bhiocáire), Christy Mac Gearailt (An Cheathrú), Matt Mac Carthaigh (An Cheathrú), Seán Ó Cearna (Baile na Rátha), Fionnán Ó hÓgáin (Baile na Rátha), Daithí de Mórdha (Baile na Rátha), Gearóid Mistéal (Baile an Ghleanna).

Is é Daithí de Mórdha a bhuaigh an chéad áit, Christy Mac Gearailt an dara áit agus Tomás Ó Lúing an tríú áit. Raghaidh Daithí ar aghaidh thar ceann an pharóiste go dtí an gCraobhchomórtas i dTigh TP i mBaile na nGall Dé Domhnaigh an 29 Meitheamh @ 5pm. Guímid ar fad gach rath air.

 

Buíochas

Taimid buíoch do na moltóirí, Seán Ó hUllacháin, Feargal Mac Amhlaoibh agus Jayne Ní Chonchúir as a gcuid ama agus dúthrachta lena gcúram tromchúiseach moltóireachta. Buíochas speisialta leis le Margaret Thomáisín agus le Tigh Kruger as a gcuid cabhrach. Ar deireadh buíochas leis na hiomaitheoirí ar fad as páirt a ghlacadh sa chomórtas taitneamhach seo. Go mbeirimid beo ag an am seo aríst!

 

laoch an phrata 1

Moltóirí i mbun dian-mholtóireachta