Ceiliúradh 100 Bliain na scoile

scoilBhí lá mór sa pharóiste inniu in ainneoin na drochaimire nuair a deineadh ceiliúradh ar bhunú na scoile 100 bliain ó shin. Cheiliúraigh Easpag Chiarraí, Réamonn de Brún, agus sagairt áitiúla, Aifreann sa scoil agus ina dhiaidh sin sheol Breandán Feirtéar, leabhar cuimhneacháin a cuireadh le chéile don ócáid. Bhí idir cheol, amhráin agus chuimhní le clos ar An Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta a bhí ag craoladh beo ón scoil.

 

Bhí trí chriú scannánaíochta i láthair chun taifeadadh a dhéanamh ar na himeachtaí – criú atá i mbun scannáin do chlár faisnéise a chraolfar amach anseo – tá Micheál agus Daithí de Mórdha bainteach leis an iarracht seo, ceann eile ó Nuacht TG4 faoi stiúr Sheáin Mhic an tSíthigh, agus criú ó ScrogallTV faoi stiúr Darryl Broe atá ag cur faoi sa pharóiste le blianta fada.

Bhí soláistí breátha ar fáil in ollphuball mór a bhí i ngarraí na scoile mar a raibh taispeántas de ghrianghrafanna agus eolas eile faoi stair na scoile.

Leanfar le himeachtaí an cheiliúrtha ar an Satharn 7 Meitheamh. Beidh an taispeántas agus seanchlár rollaí le feiscint sa scoil idir 11-3pm agus beidh siúlóid threoraithe ag tosnú ón scoil ag 3pm. Beidh oíche cheoil i dTigh Kruger oíche Dé Sathairn.

Seo thuas grianghraf den leabhar cuimhneacháin. Tá sé ar fáil ar €15. Comhghairdeachas le gach aon duine a bhí páirteach in eagrú na n-imeachtaí.