Cruinniú Ginearálta Bliantúil an Chomharchumainn

Tugtar cuireadh do bhaill agus do chairde Chomharchumainn Dhún Chaoin Teoranta teacht go dtí Cruinniú Ginearálta Bliantúil an Chomharchumainn a bheidh ar siúl sa Phortán i nDún Chaoin Dé Lúain 9 Meitheamh ag 8.30 i.n.

Cuirfear soláistí ar fáil i ndiaidh an chruinnithe.

Fáilte roimh chách agus go háirithe roimh dhaoine gur mhaith leo ballraíocht a bhaint amach sa chomharchumann.