Nóta don ndialann!
Tá na socraithe déanacha á ndéanamh faoi láthair do dheireadh seachtaine ceiliúradh ar 100 bliain bunú Scoil Dhún Chaoin.
Mar chuid de chlár imeachtaí beidh Aifreann á cheiliúradh ag Easpag Chiarraí sa scoil ar an 6 Meitheamh, déanfar leabhrán speisialta á sheoladh agus beidh taispeántas ar siúl sa scoil.
Ar an Satharn 7 Meitheamh beidh siúlóid treoraithe ar siúl eagraithe ag an gComharchumann agus féadfaidh iarscoláirí agus cairde cuairt a thabhairt ar an scoil le linn amanta áirithe. Beidh coirm cheoil ar siúl i dTigh Kruger an oíche sin.
Beidh tuilleadh eolais faoi na himeachtaí seo ar fáil amach anseo.
Gan amhras ní gá a rá go mbeidh na múrtha fáilte roimh iarscoláirí agus chairde na scoile go dtí na himeachtaí seo.