Bhronn Seán Ó Cinnéide, Cathaoirleach Chomharchumann Dhún Chaoin, seic €1,000 ar Phádraig Firtéar, Príomhoide Phobalscoil Chorca Dhuibhne le déanaí. Tá an síntiús seo ag dul i dtreo ciste forbartha gort uile-aimseartha atá á fhorbairt ag an bPobalscoil. “Áis í seo a bheidh ar fáil do leanaí an cheantair, leanaí Dhún Chaoin san áireamh,” a dúirt Seán, “agus tá áthas orm an t-airgead seo a bhronnadh ar an bPobalscoil thar ceann an pharóiste.”