Sheol Seán Ó Cinnéide, Cathaoirleach Chomharchumann Dhún Chaoin Teoranta, Dialann Mhóire, nuachtlitir Pharóiste Dhún Chaoin ag Dinnéar bliantúil na Nollag i dTig Áine ar an nGráigh.
Tá cóip ar fáil go háitiúil nó leagan leictreonach ar fáil anseo.
Comhghairdeachas le gach duine a bhí páirteach i gcur le chéile na hirise.
Agus ná dearúd Dráma na Nollag ag leanaí Scoil Dhún Chaoin tráthnóna amárach sa scoil ag tosnú ag 7.30pm. “Plúirín Sneachta” a bheidh á léiriú ag na leanaí i mbliana.