Daithí de Mordha, údar “Scéal Shéamais Bhig” i dteannta a athar Mícheál agus a mháthar, Angela ag seoladh a leabhair in Ionad an Bhlascaoid ar an Sathar an 14 Nollaig 2013. Saol, seanchas, scéalta agus teanga Shéamais Bhig Uí Lúing ábhar an leabhair.
Ó Bhaile an Ghleanna, Dún Chaoin ab ea Séamas. Sín-seanathair de Dháithí is ea é.
Bhí slua mór de chairde, ghaolta, agus comharsain Dhaithí i láthair don ócáid. Tomás Ó Lúing a bhí ina fhear an tí. Is é Danny Mac an tSíthigh a dhein an seoladh. Tá an leabhar foilsithe ag An Sagart. Costas €30 atá air.