Oireachtas 2013

Comhghairdeachas le gach aon duine a ghlac páirt i gcomórtaisí Oireachtas 2013 i gCill Airne le cúpla lá anuas, go speisialta le Malachaí Mac Amhlaoibh ó Bhaile na Rátha a bhuaigh an chéad duais i gcomórtas cáilithe scéalaíochta do dhaoine fásta. Tráthúil go maith tá an duais agus an corn seo ainmnithe i ndiaidh scéalaí iomráiteach Dhún Chaoin, Cáit ‘Bab’ Feirtéar. Táimid cinnte go mbeadh an  Bhab ana-shásta gur comhpharóisteánach dá cuid féin a thug an corn leis i mbliana. Beidh Mal i dteideal cur isteach ar an bpríomhchomórtas scéalaíochta an bhliain seo chugainn.

Anseo thíos tá Mal le Corn Cuimhneacháin an Bhab agus i dteannta le muintir Dhún Chaoin ag ceiliúradh a bhua leis i gCill Airne.

malachai