Bhí deireadh seachtaine ana-mhaith i nDún Chaoin do Cheiliúradh na bliana 2013. Comhghairdeachas le gach duine a bhí páirteach. Bhí idir léachtanna, seoladh leabhair, siúlóid threoraithe, ceol, caint agus cluichí ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
Comhghairdeachas le Clíona Ní Dhúgáin, Baile na Rátha, a bhuaigh ceann de na scoláireachtaí atá bunaithe ag an nDr. Maidhc Ó Cearna.
Chuir leanaí na scoile dráma beag “An Fáinne Óir”, scéal bunaithe ar sheanscéal a bhí i mBailiúchán na Scol. Ar an oíche chéanna thug Daithí de Mórdha caint ar chúlra an bhailiúcháin luachmhair seo.

Daithí de Mórdha ó Ionad an Bhlascaoid a thug caint shuimiúil maidir le Bailiúchán na Scol. Labhair sé faoi na cnuasaigh ó Scoil Dhún Chaoin agus Scoil an Oileáin atá ar fáil i Roinn Bhéaloideas Éireann, Baile Átha Cliath.