Beidh BBQ an pharóiste ar siúl ar an nDomhnach an 14 Iúil ag tosnú ag 5pm.
Is é seo an dara bliain an ócáid seo a eagrú agus bhí ard-lá ag gach éinne anuraidh. I dteannta le bia agus cuideachta beidh an comórtas “An Chic Ghlic” ar siúl arís agus foirne in iomaíocht le chéile agus bronnfar Laochraí na Caide ar an bhfoireann leis an líon is lú ciceanna ó thaobh amháin den bparóiste go dtí an taobh eile.
Beidh caisleán aeir ann do na leanaí chomh maith.
Mar sin ana-lá geallta agus raghaidh an t-airgead a bhaileofar ar mhaithe le Ciste Maisithe an tSáipéil. Beidh míle fáilte romhat.
Tuilleadh sonraí ar fáil anseo.