Comórtas na bPrátaí 2013 i nDún Chaoin

Is é Fionnán  Ó hÓgáin, Baile na Rátha, le práta ‘Home Guard’ a thug an oíche leis ag Comórtas na bPrátaí i nDún Chaoin aréir agus a raghaidh ar aghaidh ar son an pharóiste ag an mórchomórtas i dTigh TP i mBaile na nGall oíche Dé Domhnaigh.

Is iad Margaret agus Tomáisín Ó Lúing, Baile an Ghleanna, a bhuaigh anuraidh, a tháinig sa dara áit, le práta ‘Queens’. Frances agus John Ó Cinnéide, Baile Bhiocáire, le práta ‘Sharpes Express’, a tháinig sa tríú áit.

Cúigear a ghlac páirt sa chomórtas i mbliana i gcomparáid le naonúr anuraidh agus an locht curtha ar thitim na n-iontrálacha ar an aimsir fhuar fhliuch a bhí againn sa Mhárta agus Aibreán.

Bailíodh €84 ar son Ospís Chiarraí. Buíochas le Christy Mac Gearailt, Bialann An tIascaire in Ionad an Bhlascaoid agus Comharchumann Dhún Chaoin as duaiseanna a chur ar fáil. Buíochas leis an lucht eagair, na moltóirí agus le Tigh Kruger.

Sa ghrianghraf thíos tá na moltóirí i mbun oibre  Bhí criú scannánaíochta ó RTÉ ann chun gach blaiseadh a thaifeadadh agus beidh clár le craoladh acu amach anseo.

Ó chlé: Seán Ó hUllacháin, Learaí Ó Cíobháin, Peigí Mistéal agus Feargal Ó Slattara.

moltoiri