Rósanna Dhún Chaoin!

louise 2Is í Louise Nic Thomáis ón gCeathrúin i nDún Chaoin (iníon de Mháire Treasa agus James) a bheidh ag déanamh ionadaíochta thar ceann na hAstráile Theas  (agus Dún Chaoin, gan amhras!!)  i gcomórtas Rós Thrá Lí na bliana seo.

Nach fada ó bhaile a d’imigh sí chun filleadh arís ina rós!

Guímid ar fad anseo i nDún Chaoin gach rath uirthi sa bhFéile agus táimid ar fad ag súil go dtabharfaidh sí an svaé léi.  Tuilleadh grianghrafanna anseo: http://roseoftralee.ie/community/userprofile/southaustraliarose

Mar bharr ar roghnú Louise, roghnaíodh Orfhlaith Ní Dhúgáin, 10 mbliana d’aois, ó Bhaile na Rátha, mar Rós Óg nó ‘Rose Bud’ sa bhFéile an tseachtain seo.

Comhghairdeachas leis an mbeirt rós agus lena muintir agus táimid cinnte go mbainfidh siad beirt súp as an bhFéile.