Laoch an Phráta 2013

Beidh réamhbhabhta “An Spud-Off” i nDún Chaoin ar an Aoine 28 Meitheamh ag 7.30pm i dTigh Kruger chun an práta is fearr sa pharóiste a roghnú.

Raghaidh an buaiteoir ar aghaidh go dtí an gCraobhchomórtas ar son an pharóiste a bheidh ar siúl i dTigh TP i mBaile na nGall ar an nDomhnach 30 Meitheamh.

Mar sin má tá práta agat, beag nó mór,  agus é fásta i nDún Chaoin agus fonn ort teideal ‘Laoch an Phráta’ a ghnóthú, déan teagmháil le Fionnán chun clárú don gcomórtas.