Leabhar nua seolta

leabharBhí slua mór i láthair in Ionad an Bhlascaoid tráthnóna do sheoladh leabhar de ghrianghrafanna “An Blascaod Mór-Portráid Pictiúr” le Dáithí agus Micheál de Mórdha ó Bhaile an Ghleanna. Is í Máirín Ní Dhuinnshléibhe-Uí Bheoláin ón Oileán a sheol an leabhar agus is í Brenda Ní Shúilleabháin a bhí i mbun cúramaí an tí.

Bhí cairde, gaolta agus slua mór de mhuintir an cheantair chomh maith le cuairteoirí i láthair san Ionad don seoladh ina measc Maidhc Dainín Ó Sé agus Páidí Mhárthain Mac Gearailt a sheinn agus a chan don slua. Tá an leabhar foilsithe ag Collins Press agus é curtha le chéile go snasta. Tá costas €20 air agus é ar fáil ó dhea-shiopaí leabhar.

Advertisements