Tá an deireadh seachtaine fada buailte linn agus na sluaite ag tarrac ar an gceantar. Tá go leor imeachtaí ar siúl d’Fhéile na Bealtaine ar an leithinis agus ghlac leanaí na scoile páirt i gceann de na himeachtaí sin inniu, is é sin i bParáid Fhéile na Bealtaine sa Daingean tráthnóna DéDomhnaigh 5 Bealtaine 2013.
Téama stairiúil a bhí ag an bParáid i mbliana agus ghlac scoileanna na dúiche páirt inti. “Pádraig Sáirseál” a bhí faoi chaibidil ag leanaí Dhún Chaoin.
Bhí an buíon leanaí faoi stiúir Dominique Lieb. Dhein Dominique éacht oibre chun iad a ullmhú don ócáid agus tá toradh a cuid oibre agus a dea-saothar le feisicnt go soiléir sna feistis bhreátha a bhí ullmhaithe aici don bParáid. Míle buíochas léi agus gach aon duine a chabhraigh leo. Seo thíos roinnt grianghrafanna ón ócáid.
Imeachtaí eile na Féile i nDún Chaoin:
Beidh Siompóisiam polaitiúil ar siúl in Ionad an Bhlascaoid ar an Luan 6 Bealtaine ag tosnú ag 10am faoi chathaoirleacht Aodha Uí Choileáin dar teideal “The Mental Health of Politics”.
I measc na gcainteoirí beidh An tAire Stáit sa Roinn Sláinte, Kathleen Lynch, T.D., Lucht Oibre, An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin, agus an tOllamh Grace Neville, UCC. Cead isteach €5.