Céad Chomaoine i nDún Chaoin

Comhghairdeachas le Rang a Dó i Scoil Dhún Chaoin a dhein a gcéad chomaoine i Sáipeál Dhún Chaoin an tseachtain seo caite.

Is é An tAthair Ó hIceadha a bhí i mbun cheiliúradh an Aifrinn agus bhí na leanaí scoile ar fad páirteach ann.

Comhghairdeachas speisialta leis an dtriúir leanbh a fuair a gcéad chomaoine agus leis na leanaí ar fad agus lena múinteoirí, Máire agus Maryann, as iad a ullmhú chomh slachtmhar don lá.

scoil

scoil dhun chaoin

Advertisements