Dhein muintir Dhún Chaoin ceiliúradh maith ar Lá ‘le Gobnait 2013 le hAifreann ag 11am agus Turas na Cille ina dhiaidh. Bhí greim bhlasta bídh curtha ar fáil in Ionad an Bhlascaoid ag Christy Mac Gearailt agus a fhoireann a bhuíochas do Chomharchumann Dhún Chaoin. Ina dhiaidh sin bhí dráma breá ag leanaí na scoile dar teideal “Dónaillín Chathair Ard”. Táimid buíoch dá múinteoirí Máire Ní Mhaoileoin agus Maryann Ní Laoithe as a gcuid oibre in ullmhú na leanaí, go slachtmhar mar is dual dóibh. Buíochas le gach duine a chabhraigh le heagrú imeachtaí an lae, na sagairt, foireann an Ionaid, agus gan amhras leanaí na scoile féin – Comhghairdeachas leo as seó iontach eile a chur ar stáitse. Go mbeirimid beo ag an am seo arís!
Seo thíos roinnt grianghrafanna ón lá