Dlúthdhiosca nua ceoil le Labhrás Mac Síthigh seolta

Is é Breandán Feirtéar, iarcheannaire agus craoltóir Raidió na Gaeltachta a sheol dlúthdhiosca ceoil nua le Labhrás Mac Síthigh “Ag dul siar ar fad”, os comhair slua mór de ghaolta, chairde agus mhuintir an cheantair in Ionad an Bhlascaoid oíche Dé Sathairn 9 Feabhra 2013.

Bailiúchán de 18 amhrán de chuid Labhrás Mac Síthigh (1909-1997), amhránaí aitheanta  a saolaíodh agus a mhair i nDún Chaoin nó gur aistrigh sé in aois a 28 bliana go Gaeltacht Bhaile Ghib, Co. na Mí sa bhliain 1937.

Is é Comharchumann Dhún Chaoin Teoranta a d’fhoilsigh an dlúthdhiosca le comhoibriú agus tacaíocht Raidió na Gaeltachta, a dhein formhór na dtaifeadaí, agus le tacaíocht airgid ón gComhairle Ealaíon faoin scéim ‘Deis’.

Ghabh Seán Ó Cinnéide, Cathaoirleach an Chomharchumainn, buíochas le Feargal Mac Amhlaoibh agus a chriú a thug go fonnmhar agus go díograiseach faoin dtionscnamh seo, ina measc Matt Mac Cárthaigh a bhí ina chomhordnóir teicniúil, Frances Uí Chinnéide, Mícheál Toos Mac Gearailt agus Dómhnal Mac Síthigh a tras-scríobh focal na n-amhrán, foireann an Raidió ach go háirithe Jeaic Ó Muircheartaigh, Bainisteoir Réigiúnda agus Sinéad Ní Uallacháin, Breandán Mac Gearailt as a chomhairle, Daithí de Mórdha, Ionad an Bhlascaoid, as obair thaighde, agus le Breandán Feirtéar as an gcaint bhreá a thabhairt ar chúlra Labhráis agus comhthéacs na n-amhrán. Ar deireadh bronnadh dlúthdhiosca ar Dhómhnal Ó Bric, a spreag an smaoineamh chun an dlúthdhiosca a dhéanamh. Bhí oíche go maidin i dTigh Kruger ina dhiaidh. Beidh an dlúthdhiosca ar díol go háitiúil ar €12.

SONY DSC