Bhí slua mór de chleas na háite amuigh ar an nDreoilín i mbliana agus thugadar cuairt ar scata tithe sa pharóiste. Eoghan Ó Slattara a bhí ina chaptaen ar an gcriú agus raghaidh an t-airgead a bailíodh ar mhaithe leis an bPáirc Súgartha atá beartaithe a thógaint i mBaile an Fheirtéaraigh. Buíochas le gach aon duine a ghlac páirt agus a thug síntiús.