Logainmneacha an Pharóiste

logainmneacha

Ag scrúdú seancháipéisí

Thug an Dr. Breandán Ó Ciobháin ó Cheann Trá, agus a chaith blianta fada i mbun oibre le Coimisiún na Logainmneacha, léacht fíor-spéisiúil ar logainmneacha Dhún Chaoin in Ionad an Bhlascaoid aréir (Aoine 30 Samhain). D’fháiltigh Cathaoirleach an Chomharchumainn, Seán Ó Cinnéide, thar ceann bailiú deas de mhuintir na háite, roimh Bhreandán.

Thug Breandán cur síos ar chúlra agus comhthéacs stairiúil na logainmneacha atá againn inniu agus phléigh sé téamaí éagsúla -tionchar na Normannach, tionchar na heaglaise ar logainmneacha Dhún Chaoin, i measc nithe eile. Dhein sé tagairtí de fhoinsí éagsúla, ceann amháin ó 1317 a bhí aimsithe aige i gCartlann Náisiúnta na Breataine i Londain Shasana agus go raibh cóip aige le taispeáint dúinn.

Táimid faoi chomaoin Bhreandáin as a chuid scoláireachta a roinnt linn. Gura fad buan é.


logainmneacha 2

 

Féach ansin é!

Féach ansin é!