Beidh comórtas na bprátaí ar siúl i dTigh Kruger tráthnóna Dé Domhnaigh 24 Meitheamh ag tosnú ar a 7pm. Tá naonúr iomaitheoirí cláraithe faoin dtráth seo. Beidh crannchur ar siúl ar an oíche agus raghaidh an t-airgead a bhaileofar ar mhaithe le hOspias Chiarraí.
Is iad leanaí Scoil Dhún Chaoin a bhuaigh comórtas an pharóiste anuraidh agus deirtear go mbeidh iomaíocht ghéar ann arís i mbliana.
Raghaidh an buaiteoir ar aghaidh mar ionadaí ar son an pharóiste go dtí an chraobh chomórtas a bheidh ar siúl i dTigh TP, Baile na nGall ar an nDomhnach 1 Iúil. Is í seo an dara bliain ag an gcomórtas seo bheith á reáchtáil i gCorca Dhuibhne agus tá moladh ag dul ‘dtí Aengus Ó Murchú a chuimnigh an chéad lá ar an gcomórtas agus a dhéanann comhordnú air.
Fáilte roimh chách!