Treoirleabhar le seoladh ag Mícheál Ó Muircheartaigh

Seolfaidh an craoltóir agus pearsa poiblí ó Dhún Síon, Mícheál Ó Muircheartaigh, treoirleabhar agus leabhar saothair dírithe ar leanaí bunscoile ag ócáid speisialta in Ionad an Bhlascaoid ar a 3pm ar an gCéadaoin 23 Bealtaine.  Tá an leabrán curtha le chéile ag Comharchumann Dhún Chaoin Teo, is í Máire Ní Mhaoileoin, Príomhoide Scoil Dhún Chaoin a scríobh an téacs agus chuir Údarás na Gaeltachta urraíocht ar fáil chun é a fhoilsiú.