Treoirleabhar agus leabhar saothair foilsithe

Tá treoirleabhar agus leabhar saothair foilsithe ag an gComharchumann agus é ar fáil anois go háitiúil.

Tá an leabhrán scríte ag Máire Ní Mhaoileoin, Príomh Oide, Scoil Dhún Chaoin, le comhairle ó Choláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach agus tá sé an-oiriúnach do theaghlaigh, do dhaltaí bunscoile nó do dhaltaí sna ranganna sóisir iarbhunscoile.

Is féidir cóipeanna den leabhrán d’fháil ag Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin nó ag an Músaem i mBaile an Fheirtéirigh nó ag Oifig an Phoist Cheann Trá.  Tá costas €2 an chóip air.  Tá lacáiste 10% ar fáil do scoileanna ach teagmháil a dhéanamh le Seán Ó Cinnéide ag 066 9156168 nó cinneidedc@eircom.net

Is é Údarás na Gaeltachta a chur tacaíocht ar fáil faoin Scéim Fiontar Pobail.

Comhghairdeachas le gach aon duine a bhí bainteach le cur le chéile an leabhráin.