Rás Mumhan i nDún Chaoin

Ghabh  Rás Mumhan, rás mór rothar, trí Dhún Chaoin inniu agus luas lasrach fúthu.  Bhí aimsir breá tirim ann don rás ach bhí gaoth láidir aduaidh ann. Seo an dara bliain as a chéile don rás teacht chomh fada linn – bhí timpist mhór anuraidh i gCom Dhíneol agus chuir sin moill ar chúrsaí ach d’imigh rudaí gan aon fhadhb i mbliana. Tuilleadh eolais anseo faoin rás.