Bhí an ghrian ag taitneamh agus dea-ghiúmhar ar gach aon duine inniu do Cheiliúradh Lae ‘le Gobnait inniu. Tar éis Aifrinn speisialta thug slua mór faoin gCill mar a deineadh Turas na Cille, turas a deintear go bliantúil ar an 11 Feabhra in onóir Naomh Gobnait. Ina dhiaidh sin chuir leanaí Scoil Naomh Gobnait taispeántas breá ceoil, amhránaíochta agus rince ar siúl in Ionad an Bhlascaoid.
Dhein Séamus Cosaí Mac Gearailt, Ball-Tofa Údarás na Gaeltachta, seoladh ar Shiúlóid na Cille, lúbshiúlóid an pharóiste, amuigh i gcarrchlós Ionad an Bhlascaoid agus ghabh sé buíochas le gach aon duine a chabhraigh le forbairt na siúlóide seo. Gabhadh buíochas speisialta leis na húinéirí talún a thug cead an tsiúlóid a fhorbairt.
Tá an lúbshiúlóid seo aitheanta anois mar lúbshiúlóid náisiúnta ag Fáilte Ireland agus í i measc 200 lúbshiúlóid dá sórt ar fud na tíre.
Tuilleadh grianghrafanna ar fáil anseo.
Sa ghrianghraf thuas tá : Séamus Cosaí Mac Gearailt, Údarás na Gaeltachta, Martina Canty, Fáilte Ireland, Séamus Ó Lúing, Scéim Shóisialta Tuaithe, Learaí Ó Ciobháin, Mártan Ó Catháin a d’oibrigh ar an tsiúlóid, agus Micheál Ó Moráin, Coiste Siúlóidí Chorca Dhuibhne ag seoladh Siúlóid na Cille, Lúbshiúlóid Náisiúnta i nDún Chaoin ar Lá ‘le Gobnait.