Lá ‘le Gobnait

Beidh Lá ‘le Gobnait á cheiliúradh Dé Sathairn 11 Feabhra 2012. Tosnóidh imeachtaí le Aifreann ag 10am i Sáipéal Dhún Chaoin agus ina dhiaidh sin déanfar Turas na Cille. Leanfar sin le taispeántas ag na leanaí scoile in Ionad an Bhlascaoid agus greim bídh curtha ar fáil ag Christy agus a fhoireann. Déanfar Siúlóid na Cille a athfhógairt timpeall 1.30pm. Tá píosa breise curtha leis an lúbshiúlóid le roinnt míonna anuas ag Mártan Ó Catháin agus Learaí Ó Cíobháin faoin Scéim Shóisialta Tuaithe agus tá sí aitheanta anois mar lúbshiúlóid náisiúnta ag Fáilte Ireland. Tá ceann na siúlóide anois i gcarrchlós an Ionaid agus comhartha bhreá in airde ann. Beidh oíche go maidin i dTigh Kruger um thráthnóna. Fáilte roimh chách.